Is í aidhm na Stiúrthóireachta Tithíochta agus Pobail ná a chinntiú gur féidir le gach teaghlach áit cónaithe de chaighdeán maith a ghnóthú ar chostas nó ar chíos atá ar a n-acmhainn acu. Ionas go bhféadfar an aidhm seo a bhaint amach tá sé tábhachtach go gcuirfí deireadh le tithe mí-oiriúnacha agus plódaithe, go bhfreastalaítear ar an éileamh ar thithe de réir mar a thagann sé chun cinn, go bhfeabhsaítear caighdeáin struchtúrtha agus timpeallachta na tithíochta ar bhonn leanúnach agus go spreagfaí áitíocht úinéireachta a mhéid agus go gcomhoiriúnaíonn sé le forbairt náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta.
Uimhreacha Gutháin Teagmhála do na hOifigí Tithíochta
Íosta Chnoc na Cille, Teach Chnoc na Cille (021) 4298710
Lár na Cathrach, Halla na Cathrach (021) 4298710
Íosta an Ghleanna, Radharc na Gréine, Bóthar Bhaile Átha hÚlla (021) 4298710
Seirbhísí Soláthartha
An Ceantar Thuaidh:
Bóthar Radharc an Chuain
Cnoc na hAoine (021) 492 4740
Ceantar Theas/Láir:
Halla na Cathrach (021) 492 4167 / 4654 / 4179 / 4436 / 4413 / 4489
Tá an Rannóg Cóiríochta don Lucht Siúil freagrach as cuspóirí de chuid Clár Cóiríochta don Lucht Siúil na Comhairle Cathrach 2005 – 2008 a chur i bhfeidhm. Ghlac an Chomhairle leis an gclár seo i mí Feabhra 2005. Tacaíonn an Coiste Comhairleach um Chóiríocht don Lucht Siúil, ar a bhfuil oifigigh tithíochta, ionadaithe poiblí agus ionadaithe den phobal taistil, leis an aonad ina chuid oibre. Is iad príomhchuspóirí cóiríochta an chláir ná tithíocht údaráis áitiúil caighdeánach agus scéimeanna tithíochta grúpa a sholáthar agus láithreáin stad atá ann cheana a chothabháil.
Déanann an rannóg bainistiú go ginearálta ar shaincheisteanna a bhaineann leis an lucht siúil, lena n-áirítear bainistíocht/rialú ar láithreáin stad. Déileáiltear le carbháin an lucht siúil a bhíonn páirceáilte go neamhdhleathach faoi riail na rannóige seo chomh maith. Déileálann an rannóg seo le rialú ar chapaill fánacha chomh maith.
Tithíocht Tacaithe do Dhaoine gan Dídean (021) 428 8524
Seoladh Easpa Dídine Straitéis Chomhtháite do Chorcaigh, 2009 – 2011 sa bhliain 2009. Meastar go bhfuil an cur chuige ilghníomhaireachta praiticiúil agus tairbhiúil dóibh siúd a bhfuil gá acu leis na seirbhísí. Tugann an Straitéis nua breac-chuntas ar na pleananna do na trí bliana atá le teacht chun a chinntiú go bhfuil leibhéal na seirbhísí curtha ar fáil leordhóthanach chun freastal ar riachtanais na ndaoine gan dídean.
Cork City Council's Choice Based Letting System
Social Housing Support Applicants and transfer Applicants can now log in every week to the cbl.corkcity.ie website. Remember dwellings will be advertised on a weekly basis from 9 a.m. Wednesdays to 5 p.m. Tuesdays. You need to log in every week .
The 2017 Summary Social Housing Assessment continues the process of annual assessments of national housing need, commenced with the 2016 summary, in line with the commitment contained in ‘Social Housing Strategy 2020 – Support, Supply & Reform’. The assessments are required to identify the total level of national housing need, and to provide vital data to inform the development of housing policy. All local authorities are required by the Department to reassess applicants on their waiting lists, to collect up-to-date and accurate information on their social housing needs.
Uaireanta Oifige: 9 r.n. go 5 i.n. Luan go hAoine.
Uimh. Ghutháin: (021) 4966222
Uimh. Facs. (021) 496 2311
Seoladh:
Stiúrthóireacht Tithíochta agus Pobail, Halla na Cathrach, Sráid Anglesea, Corcaigh.
Rphost: housing@corkcity.ie
Cuirfear maoine ar léas ón earnáil phríobháideach agus úsáidfear iad chun freastal ar theaghlaigh atá ar an liosta feithimh. Leithroinnfear maoin léasaithe ar thionóntaí, de réir scéim tosaíochtaí ligin de chuid Comhairle Cathrach Chorcaí. Tuilleadh eolais
Tá treoir ar sheirbhísí éigeandála do dhaoine gan dídean foilsithe ag Fóram Cathrach Chorcaí do Dhaoine gan Dídean do dhaoine os cionn 18 mbliana i gCorcaigh ag sonrú an réimse cóiríochta éigeandála iomláin atá ar fáil do dhaoine gan dídean i gCathair Chorcaí.